Níl mise chun éirí as má bhíonn an bua ag lucht ‘Tá’ – Cameron

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir David Cameron nach bhfuil a ainm siúd ar an pháipéar don reifreann in Albain agus nach rún dó mar sin éirí as má bhíonn an bua ag an SNP. Dar leis na pobalbhreitheanna go mbeidh an bua, ar éigean, ag lucht ‘Níl’ ach glacann lucht suirbhé leis nach bhfuil aon taithí acu ar reifreann agus glacann siad leis lena chois gur deacair acu a mheas rún an trí ceathrú milliún de vótóirí breise a d’fhéadfadh vótáil. Tá 97% den phobal atá i dteideal vóta a chaitheamh sa reifeann cláraithe agus meastar go mbeidh giota maith os cionn 80% den phobal ag vótáil. Beidh an toradh ann faoi am bricfeasta maidin Aoine. Inniu chuir Príomh Aire na Spáinne Mariano Rajoy in iúl arís eile nach seasfaidh ballraíocht an Aontais Eorpaigh má bhíonn Albain neamhspleách, seachas ina chuid den Ríocht Aontaithe. Dar leis go dtógfadh ocht mbliain ar a laghad chun go gcáileodh Albain neamhspleách do bhallraíocht an Aontais.  Bunaíodh an tAontas chun tíortha a thabhairt le chéile, ní chun iad a scaradh dar leis. Tá an Spáinn ar a seacht ndícheall ag iarraidh cur i gcoinne neamhspleáchais Albain mar go spreagfadh sé Catalónaigh, atá le reifeann a reáchtáil i gceann dhá mhí, Bascaigh, agus dá réir. Aréir chuir Bill Clinton a ladhar isteach sa scéal nuair a mhaígh sé go mba cheart d’Albanaigh gan dul faoi choinne neamhspleáchais.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive