NI21 – ar an dé deiridh

nuacht, Nuacht24

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil an páirtí is úire ó thuaidh, NI21, ar an dé deiridh. Tugadh le fios anocht go bhfuil an iarrthóir Eorpach acu, Tina Mc Kenzie, mar aon le roinnt baill eile d’Fheidhmeannas an pháirtí i ndiaidh éirí as. Tuigtear go bhfuil áisínteacht ó taobh amuigh den pháirtí ag scrúdú líomhaintí nó ráflaí maidir le Basil Mc Crea. Séanann an tUaasal Mc Crea, ceannaire NI21, go bhfuil aon rud as bealach agus dar leis gur fháiltigh sé roimh an fhiosrúchán. Ach dar le John Mc Allister, leascheannaire an pháirtí, gurb é a ról a bheadh aige in eascú an fhiosrúcháin seo a ba chúis le hiarracht chun é a chur amach as an pháirtí. Cibé faoi ráflaí is líomhaintí tá an cairdeas is caidreamh a bhí idir Basil Mc Crea agus John Mc Allister scriosta agus seans ar bith go dtógfar as an úr é go luath. Bhain na hargóintí is an t-imreas sa páirtí d’fheachtas toghcháin Tina Mc Kenzie agus an 41 iarrthóir a bhí acu do na toghcháin áitiúla ó thuaidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 08:00:33

Admin/login Comments RSS

ILBF