‘Ní fhaca mé oiread sin páistí marbh riamh’ dochtúir ón Iorua in Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá 85 corp faighte cheana féin ó smionagar na dtithe i gceantar Shejaiya inniu agus dreim le go rachaidh an líon marbh in airde mar nach ndearnadh cuardach go fóill faoi smiongar in oirthear an cheantair, an chuid is cóngaraí do theorainn leis an Iosrael. Dúirt an dochtúir ón Iorua, Dr Mads Gilbert,  atá ag obair san ospidéal in Gaza le blianta anois, dúirt sé ar Channel 4 News tráthnóna nach bhfaca sé riamh oiread sin páistí marbha is a chonaic sé aréir agus ar maidin. Agus ar an chlár céanna d’admhaigh oifigeach sinsearach in arm Iosrael go bhfuil siad le cúpla lá ag úsáid buamaí le ‘flechette’, buamaí lán na mílte saighid bheaga a scaoiltear soir siar a luaithe is a phléascann an buama. Maraíodh triúr saighdiúir déag de chuid Iosrael sa trodaíocht agus tá líon na bPalaistíneach a gortaíodh imithe thar 3,ooo anois, agus 85,000 acu ina dteifigh. Tráthnóna maraíodh cailín 15 bliain d’aois agus ochtar duine eile i ndá aer ruathar in Gaza.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:36:32

Admin/login Comments RSS

ILBF