Ní dócha gur bhain imeacht an eitleáin le heachtra sceimhle – Interpol

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir ceannaire Interpol nach gcreideann sé gur bhain imeacht as radharc eitleáin os cionn Murascaill na Tealainne le heachtra sceimhle. ‘Dá amhlaidh is mó eolais a fhaighimid is amhlaidh is mó cuma air nár bhain seo le gnóthaí sceimhle’ arsa Ard Rúnaí Interpol, Ronald Noble. Thug sé le fios fosta gur Iaránaigh an bheirt fhear a bhí ag baint úsáide as pásanna goidte agus iad ina bpaisinéirí ar an eitleán. I rith an ama tá an cuardach don eitleán nó do smionagar ag dul ar aghaidh agus an tSín thar a bheith míshásta nár aimsíodh aon rud go fóill. Tá an chuardach spréite amach chuig limistéir na gcéadta mílte ar shiúil ón áit a thosaigh sé.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:11:31

Admin/login Comments RSS

ILBF