‘Ní bhfuair Iosrael óna gcogaíocht ar fad ach a naimhde níos cóngaraí dóibh ná riamh’

gné-ailt/tuairim, nuacht, Nuacht24

‘Ní bhfuair Iosrael óna gcogaíocht ar fad ach a naimhde níos cóngaraí dóibh ná riamh’

 

le Gearóid Ó Cairealláin
Ní raibh léisc ar Hamas ar na mallaibh a chur in iúl don domhan gurb iadsan agus pobal Gaza a bhain an cogadh le hIosrael.

Ach taobh amuigh de Gaza féin, níl mórán a smaoinfeadh go mba cheart ‘bua’ a lua i gcomhthéacs an léirscrios ar fhoirgnimh is ar dhaoine a rinne Iosrael ar Gaza.

Má bhí bua ann do Hamas ba é gur mhair siad beo, a n-armlón acu i gcónaí agus a gcuid ceannairí don chuid is mó slán sabháilte, in ainneoin gach a ndearna Iosrael.

Agus má bhí bua ann do phobal Gaza is é gur tháinig siad amach as an sladú seo beo beatha.

Rud nach fíor i bhfírinne nó tá 2,100+ de bhunadh Gaza sa chré, 11,000+ gortaithe.

Agus is ar éigean go bhfuil duine ar bith in Gaza nach bhfuil gortaithe i meon nó go fisiciúil ag an ghéarleanúint a chonaic siad thart timpeall orthu ní amháin le 50 lá anuas ach le 8 mbliain anuas agus níos faide fós.

Nuair atá an praghas chomh hard sin is beag an blas atá ar an fhocal bua.

Ní raibh de dhanacht ag Iosrael bua a fhógairt.

Nó chríochnaigh an cogadh ní le scrios Hamas, faoi mar a bhí Iosrael ag iarraidh ach, go pointe ar a laghad, chríochnaigh sé ar théarmaí Hamas. Seachas Hamas a bheith scriosta agus an tÚdarás Palaistíneach a bheith i gcumhacht in Gaza b’éigean d’Iosrael comhaontú a dhéanamh le Hamas is le Islamic Jihad.

Cinnte tá folach a náire ag Iosrael. Tá an léigear ar Gaza i bhfeidhm go fóill, don chuid is mó. Agus tá Hamas coimhthithe go fóill agus dóchas ag Iosrael go bhfaighfidh siad an lámh in uachtar air lá eile amach anseo ar an bhlár catha.

Ach is cuid de DNA Iosrael a chreidbheal go gcaithfidh siad bua glan a bheith acu gach uair a théann siad chun cogaidh.

Agus sa chás seo chlis orthu sárú ar Hamas, dream nach bhfuil ach ina scaifte amaitéireach le taobh Hezbollah ó thuaidh.

I ndeireadh báire bhí rún ag Iosrael Hamas a scrios, deireadh a chur le cumas troda an eagrais agus an tÚdarás Palaistíneach a chur i réim in Gaza.

Níor bhain siad aon cheann de na haidhmeanna sin amach – go fóill.

Ach nílimid ach ag leathama sa chaismirt is déanaí seo idir Gaza agus Iosrael.

Thiocfadh leis an dara leath dul treo eile ar fad.

Ag an phointe seo is é an t-aon údar dóchais é ná go bhfuil an sos cogaidh seasmhach – go dtí seo.

Ní fios dúinnfós áfach ach dornán de na téarmaía leagadh amach sa chomhaontú sos cogaidh i gCaireó. Is cinnte go raibh ‘tuiscintí’ le Catar, leis an Araib Shadach, leis an Éigipt agus leis na Stáit Aontaithe ar chúla tearma faoi rudaí a tharlóidh más rud é go gcloíonn gach taobh leis an sos. An dtarlóidh siad sin?

Cad é mar a oibreoidh an leagan amach nua cuardaigh ag teorannacha Gaza nuair a bheidh péas de chuid Mahmoud Abbas i gceannas ann? Cé chomh gasta, nó a mhalairt, is a scorfaidh Iosrael is an Éigipt den léigear? Agus muid mí istigh sa sos cogaidh seo níl aon mórmhaolú go fóill ann.

Cad é mar a chuirfear an comhnascadh idir Hamas is Fatah i bhfeidhm agus cad é a ciallóidh sin ar bhonn praicticiúil? Cé a íocfaidh as atógáil Gaza agus cé chomh fada a thógfaidh sé? Cad é mar a chinnteofar nach n-ionsóidh Iosrael Gaza nó Hamas Iosrael am a bhíonn teannas agus neamhchinnteacht ann?

Cad é a tharlóidh nuair a thosóidh cainteanna i gCaireó ar na mórcheisteanna? An bhfanfaidh pobal Gaza dílís don ‘resistance’ nó an gcuirfidh an fhulaingt laethúil a thagann ón léigear, an gcuirfidh sé scair den phobal in adharca a chéile le Hamas amach anseo? An dtoghfar rialtas eite deise níos antoiscí fós i dtoghchán luath in Iosrael nó an mbeidh casadh ar shiúil ón eite dheis?

Tá fiche cúis ann go dteipfeadh ar an phróiseas síochána/sos cogaidh seo agus beag cúis go n-éireodh leis san fhadthréimhse.

Ach cá fios.

Bhí an babtha cogaíochta is déanaí níos measa ná rud ar bith ó d’ionraigh Iosrael an Liobáin agus b’fhéidir go dtabharfaidh sé sin ar gach taobh athmhachnamh.

Neosfaidh an aimsir.

Ag tús an chogaidh seo bhí drochdhóigh ar Hamas.

Ach is fearr an dóigh orthu anois ar theacht amach as an chogadh ná mar a bhí orthu ag dul isteach ann. Agus ní raibh dréim leis sin.

Throid Hamas cogadh cliste. Seachas a gceannairí a fhágáil ina dtargaidí boga ag Iosrael faoi mar a tharla i gcogaí roimhe seo, ní raibh a gcuid ceannairí míleata ná polaitiúla le feiceáil, (os cionn talaimh cibé), ní raibh siad le feiceáil in Gaza feadh na trodaíochta. Seachas a gcuid trodairí a bheith ag seasamh amach faoi radharc gach uair a bhí siad ag scaoileadh raicéid scaoileadh cuid mhór de raicéid Hamas go huathoibríoch ó phoill reamhthocailte sa talamh. Seachas trodairí a bheith ag troid le raidhfilí AK 47 is RPG bhí siad ag baint úsáide as raicéid nua aoiseacha a d’fhéadfadh carr armtha a scrios. Agus as raidhfilí snipéir den déanamh is úire. Bhain na tollainn a d’úsáid Hamas preab as arm Iosrael. Ar an iomlán chuir réimse agus caighdeán an armlóin a bhí ag Hamas mar aon le oiliúint a gcuid ball mar throdairí, chuir sé iontas ar arm Iosrael.

Fórsa le háireamh a ba ea iad Hamas an uair seo, rud is léir ón líon 66 saighdiúir Iosraelach a maraíodh sa chogadh seo, i gcomparáid leis an aon saighdiúir Iosraelach a maraíodh sa chogadh in 2012.

Ach má bhí leamhsháinn ar an bhlár catha níl amhras faoi cé a bhain cogadh na meán.

Chaill Iosrael an cogadh bolscaireachta iluathlaethanta an chogaidh.

Ní raibh siad réidh do chogadh a troideadh gach mór is mion eachtra de ar na meáin sóisialta oiread is gur troideadh é ar an bhlár catha.

Cinnte d’fhan an BBC agus na mórmheáin Meiriceánacha srl fabharach, don chuid is mó, lehIosrael.

Ach ní raibh an BBC ná CNNná a macasamhail chomh tábhachtach sa chogadh seo agus a bhí Facebook is Twitter is na meáin sóisialta eile.

Rinneadh taifead ar na meáin sóisialta 24/7 ar fhulaingt phobal Gaza agus ar slad Iosrael ar shlí nach dtarlodh go deo dá mba faoin BBC a bhí an tuairisciú. Rinneadh físeáin de léirsithe is slógaí is mórshiúlta tacaíochta a chur in airde ar na meáin sóisialta lá agus oíche a bhréagnaigh tost an BBC/CNN srl faoi neamhshuim an phobail. Chaill Iosrael an cogadh bolscaireachta.

Aithníonn go fiú go leor iriseoirí Iosraelacha gur lú comhbhá anois d’Iosrael agus a chás i measc pobail an domhain ná mar a bhí leis na cianta.

Ní léir go gcuirfidh an casadh dlús cinniúnach faoin fheachtas Baghcat. Beidh sin ag brath ar an obair a dhéanann siad , ar na comhghuaillíochtaí a dhéanann siad agus ar na straitéisí a úsáideann siad.

Ach is léir go bhfuil scair nach beag den phobal i dtíortha fud fad na cruinne i ndiaidh a bheith ag casadh i dtreo na polaitíochta mar gheall ar a bhfaca siad den slad in Gaza. Agus ní ar son Iosrael atá a mbunús mór.

Tá dlús faoin fheachtas baghcat cheana féin (i Meiriceá go háirithe le leithéidí Jewish Voice for Peace) agus beidh Iosrael ag troid cath níos fíocmhaire ná riamh roimhe ar an fhronta sin san am atá le teacht. Gan trácht a dhéanamh ar fhiosrúcháin idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh agus ceisteanna leasmhara a bheidh ag teacht in imeacht ama.

Bhí an cogadh Iosrael/Gaza is déanaí seo níos measa ná aon rud a tharla roimhe le cuimhne na ndaoine. Ach ba mheancóg creidiúint go bhfuil bonn anois faoi síocháin ná faoi chothromas.

Tá Iosrael fós maíte ar Hamas a scrios agus ar an léigear ar Gaza a chur i bhfeidhm, faoi cheilt nó go hoscailte. Ní fheiceann rialtas Benjamin Netanyahu gur féidir teacht ar chomhthuiscint pholaitiúil le Mahmoud Abbas gan trácht ar Hamas. Tá Hamas fós brúite i dtreo an láimh láidir cionn is nach bhfuil aon dream idirnáisiúnta sásta plé leo. Agus tá rialtais Arabacha, don chuid is mó, ag imeallú Hamas. Ach lena chois sin ar fad tá Mahmoud Abbas níos laige ná riamh cionn is a laghad de ról is a bhí aige le linn an chogaidh.

Má tá fonn ar Iosrael, an tír is láidre sa reigiún leis an arm is mó agus an cara is cumhachtaí, SAM, tabhairt faoi triall a bhaint as an tsíocháin agus cothrom na Féinne do na Palaistínigh seachas an cogadh agus síocháin ar bhonn eagothrom gach seans go mbeadh bunathrú.

Agus cá fios nach dtarlódh sin amach anseo. Go dtí seo mar thoradh ar an iliomad cogaidh agus troid tá Iosrael i gcontúirt níos mó ná mar a bhí sí ó laetheanta bunaithe an stáit.

Tá Hezbollah ar an teorainn ó thuaidh anois, Hamas san Iarthar agus roinnt seachtainí ó shin fógraíodh bua eile ar na hArdáin Gola ag an Stát Ioslamach agus an Fronta Nusra. Seachas a bheith ag cruthú spáis idir iad agus a naimhde is contúirtí ná riamh an scéal ag Iosrael

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:27:05

Admin/login Comments RSS

ILBF