Naoi scoil, áras do dhaoine ar mhíchumas, scór teach – maraíonn arm, aerfhórsa is cabhlach Iosrael breis agus fiche duine san oíche is fuiltí fós

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beirt bhan míchumasach a maraíodh nuair a d’ionsaigh Iosrael áras do dhaoine míchumasacha ar 4.00 ar maidin inniu i nGaza. Maraíodh othar a thug cúram do na daoine ar mhíchumas agus gortaíodh triúr eile. Dar leis na Náisiúin Aontaithe gur sibhialtaigh 77% de na daoine ar mharaigh arm Iosrael in Gaza, 135 duine go dtí seo. Bhí suas le trí mhíle duine páirteach i léirsiú i mBaile Átha Cliath inniu agus bhí léirsithe ag daoine i nDoire, Luimneach, Corcaigh agus roinnt bailte eile fud na hÉireann agus fud na cruinne. Ach dúirt rialtas Iosrael arís eile inniu nach ngéillfidh siad do bhrú ón phobal domhanda agus gur rún dóibh leanúint lena n-ionsaí ar Gaza. In imeacht 36 uair a chloig níos luaithe an tseachtain seo mhaígh arm Iosrael as gur theilg siad 400 tonna de ábhar pléasctha ar an straice bheag ina bhfuil milliún go leith duine ina gcónaí buailte suas lena chéile. Gortaíodh tuairim is míle duine san ionsaí. In ainneoin ionsaithe 2/7 lean trodairí frithIosraelacha ag scaoileadh leo. Scaoileadh rois raicéid i dtreo Tel Aviv oíche Shathairn agus bhí ionsaithe ann go rialta feadh an Sathairn. Dúirt na Náisiúin Aontaithe inné go bhfuil siad go mór in amhras go bhfuil Iosrael ag cloí le rialacha idirnáisiúnta maidir le cosaint sibhialtaigh i gcogadh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 18:02:39

Admin/login Comments RSS

ILBF