Na scortha marbh in ionsaí 10 n-uair a chloig ar cheantar Shuja’iyya in Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá tuairiscithe ar maidin go raibh an t-ionsaí a rinne arm, aerfhórsa is cabhlach Iosrael ar cheantar Shuja’iyya Gaza ar cheann de na hionsaithe is mó a rinneadh ar Gaza le tríocha bliain anuas. Tuairiscitear gur maraíodh os cionn dá scór duine agus gur gortaíodh na céadta. Tá dréim leis an líon marbh méadú ar ball nuair a bheas sé sabháilte dul isteach sa cheantar. Deir lucht otharchairr nach raibh aon chumarsaid ó arm Iosrael le lucht otharchairr feadh cuid mhór den am a bhi an t-ionsaí ar siúil. Maraíodh go leor duine nuair a scaoileadh na céadta sliogáin tancanna is raicéid ar an cheantar, in ainneoin na mílte duine a bheith fós ina gcónaí ann.  Bhí iriseoir Palaistíneach agus lucht otharchairr orthu sin a maraíodh in ionsaí Iosraelach ar a bhfeithicil dar le tuairiscithe. Fágadh corp de dhaoine, páistí san áireamh, ina luí ar na sráideanna de réir tuairscithe áirithe. Deir iriseoirí ag ospidéil in Gaza gur deacair ag lucht ospidéil plé leis an oiread sin daoine gortaithe is atá ag plodú isteach ann. Mhol Hamas sos cogaidh dhá uair a chloig ar maidin le go bhféadfaí coirp atá ina luí ar an tsráid a bhaint ar shiúil ach dhiúltaigh arm Iosrael don iarratas. Dar leo go bhfuil sé barrthábhachtach dóibh Hamas a chloí in Shuja’iyya. De réir oifigigeach Iosraealach , más cruinn don Jerusalem Post, dúirt an t-oifigeach go raibh arm Iosrael in  Shuja’iyya i ndiaidh na miotógaí a bhaint agus gur seans go mbeadh líon marbh ‘a athródh cúrsaí tadhleoireachta.’ Tá saighdiúirí Iosraelacha ag bogadh i dtreo chathair Gaza anois de réir tuairiscithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 02:27:47

Admin/login Comments RSS

ILBF