Na mílte marbh, na mílte ar iarraidh sna hoileáin Filipíneacha

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Táthar iontach buartha go rachaidh an líon marbh sna hOileáin Filipíneacha in airde sna laethanta beaga  amach romhainn agus lucht tarrthála ag baint amach den chéad uair roinnt de na ceantracha is iarghualta a bualadh ag an tíofún Haiyan a threascair na hoileáin Dé hAoine seo caite. Dearbhaíodh go bhfuil os cionn 10,00o duine marbh i gceantar amháin, cathair Tacloban, agus go bhfuil na scórtha mílte anois gan dídean. Tá móroibríocht idirnáisiúnta sa tsiúil ag eagrais idirnáisiúnta féacháil le cuidiú a fháil a fhad leis na daoine is measa atá buailte ach meastar go dtógfaidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon fhaoiseamh ann do na daoine seo. San iomlán chuir an tíofún isteach ar 9 milliún duine i sé chinn de na hoileáin Filipíneacha.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive