Na mílte ar iarraidh, na scórtha marbh i ndiaidh sciorradh talún san Afganastáin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá na scórtha marbh agus na mílte ar iarraidh i ndiaidh do sciorradh talún  baile a sciobadh ar shiúil san Afganastáin. Is i gceantar iontach iarghualta, ar an teorainn leis an tSín agus leis an Phacastáin a tharla an mhaidhm agus mar aon le sciobadh ar shiúil cuid mhór de bhaile Hargu rinneadh scrios ar phobail thart timpeall na háite. Bhí fearthainn mhór ag cur sa do oirthuaisceart na hAfganastáine le seachtain anuas agus maraíodh 150 duine sna stoirmeacha sin. Meastar gur chuir an mórdhoirteadh fearthainne sin leis an tubaiste a tharla inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 07:42:28

Admin/login Comments RSS

ILBF