Na Ceithre Léiriú le Donall Mac Billing

nuacht, Nuacht24

Na Ceithre Léiriú agus Caint sa Ghaeilge ‘amháin’

 

de trí Dhiosca digiteacha il-úsáide

 

agus Feidhmchlár do ghléasanna Android.

 

 

 

Beidh Ceithre Léiriú agus Caint sa Ghaeilge ‘amháin’

 

ar siúl in Óstán Armas an Longfoirt

 

Dé Sathairn ar an 26/07/2014 idir 2-6 i.n. Cuirfear fáilte roimh chách !!!

 

 

 

Léiriú agus caint – 1.                      ‘Gaeil-Feirste a h-aon’

 

Chuir  mé an Dlúthdhiosca Cuimhne Léamh Amháin (DD-CLA)‘Gaeil-Feirste(1) a h-Aon’ ar an mhargadh sa bhiain 1996 ag tabhairt cur síos ar an Ghaeltacht  i mBéal Feirste ag an am sin.

 

 

 

Léiriú agus caint – 2.                      ‘Gaeil-Feirste a trí déag’

 

Seo agaibh anois ‘Gaeil-Feirste(13) a Trí Déag’. Is cuairt ilmheánach theagmhála í ar an Ghaeltacht i mBéal Feirste sa bhliain 2011/12.

 

 

 

Léiriú agus caint – 3.                      ‘Fionn Mac Cumhaill agus Clochán na bhFómhórach (2003)’

 

“Seo DD-CLA ilmheánach teagmhála sa dá theanga(Gaeilge/Béarla) atá bunaithe ar leabhar grinn sa Bhéarla a scríobh agus a mhaisigh an t-ealaíontóir clúitheach Stephen Hall ó Bhaile an Chláir, Co. Aontroma.  Baineann ábhar an leabhair ghrinn leis an dóigh a  thóg Fionn Mac Cumhaill, Clóchán na bhFómhórach(de réir an tSeanchais???) agus rinne mé iarracht seo a léiriú ag baint úsáid as téasc, graificí, físeán, ceol, caint, anamúlacht  srl. le beocht a chur sa scéal grinn seo.”

 

 

 

Léiriú agus caint –  4.                     ‘An Ghaeilge 130’ — Feidhmhchlár do ‘Android’(2014/15).

 

“Seo iarracht sampla de ghnéithe éagsúla na Gaeilge atá le fáil ar an Idirlíon a nascadh le chéile ó shuíomhanna idirlín, tráchtanna, físeáin, leathanaigh de chuid ‘Facebook’, ráitis ‘Twitter’ agus iad a chur le chéile in aon ‘Fheidhmchlár’ simplí amháin. “

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:48:54

Admin/login Comments RSS

ILBF