Mosul, dara cathair na hIaráice faoi smacht anois ag an Arm Ioslámach in Iaráic agus an Leiveant

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh rialtas na hIaráice inniu go bhfuil na mílte trodaire de chuid an ghrúpa Ioslámach, an Arm Ioslámach in Iaráic agus an Leiveant, i gceannas anois in Mosul, an tríú cathair is mó sa tír. Ghabh siad seilbh i ndiaidh do scair mhór de shaighdiúirí agus péas bailiú leo amach as an chathair tar éis roinnt laethanta de ionsaithe ó trodairí de chuid an AIIL. Shaoraigh na trodairí 1,400 cime a bhí sna príosún agus ghabh seilbh ar léar mór airm is armlón. Feictear seo mar bhuille trom don rialtas i mBagdád ach tá dréim le frithionsaí sna laethanta amach romhainn agus rún ag rialtas Bagdád na trodairí a dhíbirt ón chathair. Tá cathair Fallujah cheana féin faoi smacht an AIIL agus léiríonn eachtraí in Mosul go bhfuil gréim an rialtais ar go leor de na cathracha is bailte sa tír iontach lag ar fad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 12:31:47

Admin/login Comments RSS

ILBF