Mickey Rooney i ndiaidh a bháis

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

In aois 93 cailleadh an réalt Hollywood Mickey Rooney (Joseph Yule)  inné. Bhí sé istigh i saol na siamsa ó bhí sé ina naíonán. In aois 18 mí bhí páirt aige i seó a mháthara is a athara ‘Yule and Carter.’ Bhí sé páirteach den chéad uair i sannán agus é in aois 6 bhliain agus ó sin go deireadh na 1960í bhí ról aige i mbreis is 200 scnnán. Bhí sé ar an dornán aisteoirí a bhí beo go dtí le déanaí a d’oibrigh ar na scannáin gan fuaim. Lean Rooney leis ag obair go dtí go raibh sé sna hochtóidí agus dar leis go raibh saol ar dóigh aige. Fuair sé ainmniúchán do Gradam Academy 4 uair agus bronnadh dhá Ghradam Speisialta Oscar air. Phós sé ocht n-a-uaire. Agus cé gur shaothraigh sé $12m sular bhain sé 40 bliain d’aois amach bhí sin agus tuilleadh caite aige  agus é bancbhriste. Saol corrach a thug sé féin air.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 22:07:58

Admin/login Comments RSS

ILBF