‘Mharaigh arm Iosrael i bhfad níos mó páistí ná trodairí’ – UN Office for the Co-ordination of Humanitarian Affairs

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

gazaDeaths2Grianghraf Daily Telegraph na Breataine

 

Deir an UN Office for the Co-ordination of Humanitarian Affairs inné go raibh ar a laghad 149 páiste marbh mar gheall ar ionsaithe Iosrael ar Gaza le coicís anuas. Go dtí seo taifeadadh 87 ball de ghrúpaí armtha a bheith maruithe in ionsaithe Iosrael. Dar leis na Náisiúin Aontaithe gur mná is páistí tuairim is 80% de na daoine a maraíodh in ionsaithe Iosrael.

Dar leis an UN Office for the Co-ordination of Humanitarian Affairs gur maraíodh páiste gach uair a chloig le dhá lá anuas in Gaza.

Inné, i ndiaidh dó bualadh le Príomh Aire Netanyahu dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Laurent Fabius, gur ghá d’iosrael deireadh a chur leis na ‘sleachtanna’ a rinneadh in Gaza.

Agus tá Iosrael ar a seacht ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar aerlínte idirnáisiúnta leanúint leo ag eitilt isteach in aerfort Ben Gurion in aice le Tel Aviv. Tá cuid mhór comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe aerlínte Mheiriceánacha, i ndiaidh éirí as eitlit go hIosrael cionn is gur thit raicéid ó Gaza i gceantar in aice leis an aerfort. Tá Iosrael ar buile faoi chinneadh na n-aerlínte Meiriceánacha go háirithe chun stopadh de  bheith ag eitilt isteach in Iosrael agus tá an Príomh Aire Netanyahu ag iarraidh ar John Kerry brú a chur ar na haerlínte athmhachnamh. Meastar go ndéanfaidh go leor de na comhlachtaí athmheas ar an scéal Dé Céadaoine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 03:06:17

Admin/login Comments RSS

ILBF