09 Meitheamh 2016 – Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta

nuacht

_MG_2479-Edit

An Déardaoin 09 Meitheamh go dtí Déardaoin 23 Meitheamh 2016

(pictiúir le Caoimhín Mac Giolla Cathain)

Beidh Raidió Fáilte 107.1fm ag reáchtáil Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta d’fhonn traenáil a chur ar chraoltóirí nua raidió.

Sa chúrsa cheannródaíoch seo beidh Raidió Fáilte – an t-aon stáisiún raidió Gaeilge sa tuaisceart – ag soláthar na scileanna ar fad nach mór a bheith agat le cláir raidió a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar.

Beidh an cúrsa ag tosú ar an Déardaoin 09 Meitheamh 2016 ar 6:00pm agus beidh ceithre sheisiún ann san iomlán gach Déardaoin idir 6:00-9:00.

Le cois bunscileanna craoltóireachta, beidh an deis ag na rannpháirtithe scileanna taighde agus iriseoireachta a fhoghlaim, scileanna agallaimh agus cur i láthair, scriptscríbhneoireacht, eagarthóireacht agus meascadh fuaime, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid gléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo taithí a fháil sna meáin chumarsáide mar láithreoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Ag deireadh an chúrsa gheobhaidh gach traenálaí cóip de na cláir a rinne siad ar mhearóg chuimhne mar aon le teastas a rá go bhfuil an cúrsa curtha i gcríoch acu.

Beidh costas £20 ar an chúrsa a dhéanamh.

Tá an cúrsa seo maonaithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Le háit a fháil ar an chúrsa cheannródaíoch seo gabh i dteagmháil le Dónall Mac Murchaidh ar (028) 90 310013 nó ar donall@raidiofailte.com roimh an Luan 06 Meitheamh.

Íosluchtaigh foirm iarratais ANSEO

ILBF-logo-web

 

 

 

 

An Intensive Course for New Broadcasters on Raidió Fáilte 107.1fm

Thursday 09 Meitheamh– Thursday 23 Meitheamh 2016

Raidió Fáilte – Belfast’s Irish Language radio station will be organising an Instensive Training course in radio and broadcasting skills offering budding new broadcasters the oportunity to present their own Irish-language radio programme.

Beginning on Thursday 09 June the aim of the course is to provide Irish-speakers with the necessary skills to prepare, present, record and edit  their own radio show.

The course will entail four intensive training sessions every Thursday from 6:00 to 9:00pm in which participants will be guided through the process of radio production. Participants in turn will produce three radio programmes using the skills they have gained during the course.

The participants will be given the opportunity to use Raidió Fáilte’s high-tech recording equipment and editing suite in order to record and produce high-quality radio broadcasts, as well as training to use hand-held recording devices to record vox pops, interviews and community events. The course will also cover how to research a topic and write a radio script.

This is a great opportunity to kick-start a career in the media as a presenter or as a journalist and to produce your own programme on an all-Irish radio station.

Raidió Fáilte broadcasts 24 hours a day 7 days a week on 107.1fm in the greater Belfast area and throughout the world on www.raidiofailte.com

Each particiapant will be given a memory stick with a copy of the programmes they produced throughout the course as well as a certificate of completion.

The course will cost £20.

The groundbreaking course is funded by the Northern Ireland Screen Irish Language Broadcast Fund.

To gain your place on the course contact Dónall Mac Murchaidh on (028) 90310013 or donall@raidiofailte.com before Monday 06 June 2016.

Download Application Form HERE

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive