Meirgí ‘ciníochacha’ bainte ar shiúil ó theach i mBéal Feirste

nuacht, Nuacht24

Deir Naomi Long, feisire Westminster de chuid Pháirtí an Chomhaontais ó thuaidh, gur léir gur meirgí ciníochacha a ba ea iad meirgí a crochadh taobh amuigh de theach i gceantar Garnerville, ar imeall Bhéal Feirste, a d’fhógair Local Houses for Local People. Bhí fear ón Nigéir, a bhfuil cónaí air sna Sé Chontae le ceithre bhliain anuas, Michael Abiona, le dul a chónaí sa teach gan mhoill. Ba le linn dó bualadh le fear coiriú leictreachais ag an teach gur mhothaigh sé na meirgí. Bhí buíon beag daoine taobh amuigh den teach agus chuir duine acu in iúl go raibh siad ag iarraidh go mbeadh a theach ann do ‘dhuine de bhunadh na háite.’ Ach cháin Naomi Long agus roinnt polaiteoirí eile an scéal. Dar leis an Uasal Abiona go bhfuil sé in amhras anois faoi dul a chónaí sa cheantar ar chor ar bith.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive