Mc Nulty i ndiaidh éirí as bord Musaem na Nua – Ealaíne

nuacht, Nuacht24

D’fhógair iarrthóir Fhine Gael don Seanad, John Mc Nulty, inniu go bhfuil sé ag éirí as bord Áras na Nua – Ealaíne, cionn is go bhfuil cosc air, de réir rialacha an bhoird, gan a bheith ina bhall agus é ag sesasamh i dtoghchán. Ach is rún dó leanúint lena fheachtas don tSeanad, in ainneoin míshásamh a bheith ag borradh aníos taobh istigh d’Fhine Gael féin mar aon le míshásamh i measc an phobail, i measc pholaiteoirí an fhreasúra agus sna meáin. Dar leis an Aire Cultúir, Heather Humpreys, gur cheap sí an fear gnó as Dún na nGall do Bhord an Mhusaem cionn is a bhuanna ach dar leis an fhreasúra gur ceapadh é le go dtiocfadh leis cur lena fheachtas don tSeanad. D’éirigh Samantha Long, duine de triúr ban a bhí luaite leis an suíochán Seanad, d’éirigh sise as Fine Gael inniu cionn is go bhfuil an dóigh ar phléigh Fine Gael leis an chás seo, dar léi, ina bhuille do mhná sa pháirtí agus sa sochaí. Cuirfidh seo, agus cáineadh a rinne John Deasy, TD Fhine Gael, inniu ar an dóigh a bhfuil an páirtí á reáchtáil, cuirfidh siad seo go mór leis an bhrú atá ar an Aire Heather Humpreys, an tAire Ealaíona. Dar leis an Teachta Deasy gur dílseacht don Taoiseach an slat tomhais a bhíonn in úsáid go minic agus ní cumas.  Agus tá buairt i bhFine Gael go dtiocfadh leis an scéal seo dochar a dhéanamh don Taoiseach féin mura gcuirtear deireadh leis go luath, cionn is an chosaint a rinne sé den dóigh a cuireadh John Mc Nulty chun tosaigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:58:53

Admin/login Comments RSS

ILBF