Marú dlíodóir chearta daonna i mBenghazi na Libia

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mharaigh fir gan aithne dlíodóir a bhí ceangailte le fada le cúrsaí cearta daonna i mBenghazi na Libia. Bhris gunnadóirí isteach i dteach Salwa Bugaighis agus scaoil roinnt uaireanta í. Cailleadh í ar an bhealach chuig an ospidéal. D’fhuadaigh na fir a fir chéile agus níl tásc ná tuairisc air ó shin i leith. Bhí Salwa Bugaighis, dlíodóir, gníomhach ar son lucht cearta daonna faoi réimeas Ghaddaffi agus bhí sí chun tosaigh san fhreasúra polaitiúil do Ghaddaffi am éirí amach 2011.  Bhí sí ó shin gníomhach ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna agus ceisteanna leasmhara. Tá forneart thar a bheith coitianta i mBenghazi, dara cathair na Libia, anois agus maruithe ar bhonn laethúil ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:30:58

Admin/login Comments RSS

ILBF