Lucht éirí amach ag troid in aghaidh a chéile san Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh 300 duine, 50 nó mar sin sibhialtach ina measc, i gcogaíocht idir dreamanna éagsúla den lucht éirí amach san Siria. Thosaigh an trodaíocht Dé hAoine seo caite nuair rinne cuid mhór de na grúpaí atá ag troid i gcoinne Bashar al Assad, rinne siad ionsaí ar ghrúpa atá ceangailte le Al Qaeda, an Arm Ioslamach san Iaráic agus san Leiveaint (AIIL). Dar leo go bhfuil an AIIL ag marú is ag céasadh sibhialtach agus ag coinneáil oibrithe ospidéil, iriseoirí, agus daoine éagsúla ina ngialla. Ar maidin inniu ghabh na grúpaí eile ceannáras a bhí ag an AIIL in Aleppo, ospidéal a scriosadh sa chogaíocht, agus dar leo gur shaoraigh siad 50 giall mar aon le teacht ar choirp roinnt daoine ar mharaigh an AIIL iad. Maraíodh go leor daoine ón dá thaobh sa troid ó bhí an Aoine seo caite ann ach seachas caint ar shos cogaidh mhaígh an AIIL ar maidin go mba cheart dá mball ionsaí a dhéanamh gan taise ná trócaire ar na grúpaí eile, Arm Saoirse na Siria ina measc, atá ag iarraidh an réabhlóid Ioslamach a chur ó mhaith dar leo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 05:44:53

Admin/login Comments RSS

ILBF