Lou Reed marbh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an ceoltóir Lou Reed I ndiaidh bás a fháil agus é seachtó a haon bliain d’aois. Chuaigh sé faoi scian I mí Bealtaine na bliana seo cionn is fadhbanna duáin aige. Bhí ardmheas ar Lou Reed ní cionn is a ghuth ach cionn is a chumas mar cheoltóir agus mar scríbhneoir ceoil. ‘Walk on the Wild Side’ agus ‘Perfect Day’ an dá amhrán is mó a bhí luaite leis. Ball den ghrúpa mórthiochar an ‘Velvet Underground’ a bhí ann agus ceoltóir aonair ar ball.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 15:04:36

Admin/login Comments RSS

ILBF