Líomhaintí Snowden – tuilleadh eolais, tuilleadh achrainn

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’éilgh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Laurent Fabius, cruinniú práinne le hAmbasadóir Mheiriceá sa tír i ndiaidh do líomhaintí a bheith foilsithe sa nuachtán Le Monde, go ndearna Meiriceá spiadóireacht ní amháin ar scairteanna gutháin a rinne daoine sa Fhrainc a raibh amhras sceimhlitheoireachta orthu ach ar na milliúin scairteanna eile a rinne oifigigh stáit, fir gnó, gnáthshaoránaigh agus eile. Tá an tuairisc in Le Monde bunaithe ar eolas a sceith Edward Snowden, iaroibrí sna seirbhísí bailiú faisnéise i Meiriceá. Tá ardteannas idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe i ndiaidh don iris Ghearmánach, Der Spiegel, tabhairt le fios ag deireadh na seachtaine go ndearna Meiricieá cúléisteacht ar scairteanna gutháin iarUachtarán Mheicsiceo, Felipe Calderon, le linn dó a bheith i gcumhacht.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:42:15

Admin/login Comments RSS

ILBF