Léirsithe, samhnas agus trioblóid i ndiaidh rialú na cúirte i gcás Michael Brown

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí léirsithe mhóra i Nua Eabhrac, Los Angeles agus cathracha eile fud Mheiriceá i ndiaidh don Ard-Ghiúire rialú nár cheart cúiseanna ar bith a chur i leith an phéas a mharaigh Michael Brown i mí Lúnasa na bliana seo. Spreag an rialú fearg i measc an phobail duibh i go leor de stáit Mheiriceá agus i Ferguson féin mar aon le léirsithe bhí trioblóid ann ar scála mhór. Dar leis na péas gur scaoileadh 150 urchar feadh na hoíche, ach dar leo nár scaoil siadsan aon urchar. Dódh tuairim is scór foirgneamh agus go leor feithichilí. D’iarr Barack Obama ar dhaoine a míshásamh a chur in iúl ar bhonn síochánta, rud a d’iarr bunús ceannairí pobail chomh maith. Tá dréim le léirsithe agus feachtas leanúnach amach anseo féacháil leis an rialú a tugadh aréir a chur ar leataobh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:17:56

Admin/login Comments RSS

ILBF