Léigear Dammartin-en-Goële – scaoileadh ag dul ar aghaidh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuairiscíodh i dtrátha 16.00 – am na héireann – gur chualathas scaoileadh in Dammartin-en-Goële, áit a bhfuil an bheirt dheartháir Kouachi faoi léigear ó bhí luathmhaidin ann. Tuigtear go bhfuil an Gendarmerie Nationale GIGN i mbun ionsaí ar an fhoirgneamh ina bhfuil na deartháracha Kouachi agus giall amháin ar a laghad. Chualathas rois urchair agus roinnt pléascáin agus i ndiaidh tamall ciúnais bhí tuilleadh scaoilte is trupanna éagsúla. Chonachthas saighdiúirí ar dhíon an fhoirgnimh tamall i ndiaidh don ionsaí tosú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:13:45

Admin/login Comments RSS

ILBF