Lá gníomhaíochta ag eagrais do dhaoine aeracha agus an Lóchrann Oilimpeach in Sochi

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh móragóidí is imeachtaí ag daoine aeracha i 19 gcathair ar a laghad i lá d’imeachtaí is agóidí comhordnaithe chun aird a tharraingt ar dlíthe conspóideacha na Rúise faoi homaighnéasaigh. Anuraidh achtaíodh dlí sa Rúis a choscann cur chun tosaigh gnéasacht ar bhealach ‘neamhthraidisiúnta’, rud a fheictear mar ionsaí díreach ar an homaighnéasachas. Tá aird ar ghnéithe eile de shaol daoine aeracha sa Rúis le roinnt míonna anuas agus Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh ag teacht go Sochi. Tá poiblíocht mhór tugtha don fhorneart a cleachtaíonn grúpaí áirithe i gcoinne daoine aeracha. Inniu tá an lóchrann Oilimpeach tagtha go Sochi i ndiaidh do dul go 135 cathair le 122 lá anuas. Cuirfear ar chamchuairt na cathrach é sula gcuirtear tús oifigiúil leis na Cluichí Dé hAoine.

Dar leis an Uachtarán Putin go mbeadh fáilte roimh homaighnéasaigh chuig na Cluichí Oilimpeacha ach ar seisean, ‘Díreach ná bain de na páistí.’

Mar aon le hagóidí is stocaireacht ag eagrais do dhaoine aeracha tá eagras lucht timpeallachta míshásta faoi na Cluichí seo nó dar leo go ndearnadh dochar mór don timpeallacht ar mhaith le hinfrastrúchtúr a thógáil i Sochi agus thart timpeall air do na cluichí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:06:14

Admin/login Comments RSS

ILBF