Lá fuilteach i ndiaidh do shos cogaidh eile dul ó mhaith

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Benjamin Netanayhu chun ráiteas a dhéanamh leis na meáin faoi oibríocht Iosrael in Gaza ar ball inniu. Bhí lá fuilteach eile in Gaza inniu in ainneoin caint faoi shos cogaidh nua. Deir Iosrael nach raibh a n-arm gníomhach faoi chóngar do Ospidéal Al Shifa nuair a tharla pléascán ansin inniu agus gur maraíodh suas le 10 duine. Maíonn siad gur raicéid de chuid Hamas a chuaigh ó mhaith a ba chúis leis an phléascán. Níos luaithe inniu maraíodh roinnt páistí nuair a bhuail diúracáin Iosraelacha iad i gcampa teifeach Jabaliya. Agus gortaíodh seachtar Iosraelach, ceathrar acu go dona, nuair a thit sliogáin ó Gaza orthu i gceantar Eshkol , faoi chóngar don teorainn le Gaza. Ar maidin inniu d’éiligh Bhan Ki Moon, ArdRúnaí na Náisiúin Aontaithe, d’éiligh sé ar an dá thaobh aontú le sos cogaidh mar dar leis go bhfuil an scéal in Gaza millteanach amach is amach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:10:59

Admin/login Comments RSS

ILBF