Kobane faoi mhórbhagairt ón SI

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá trodairí an Stáit Ioslámaigh bogtha níos cóngaraí don bhaile Kobane in Siria  in ainneoin aer-ionsaithe rialta ó scairdeitleáin is eitleáin gan phiolóta de chuid Mheiriceá. Bhí roinnt tinte mhóra ag dódh sa bhaile ar maidin agus mortaeir ag titim ann go tráthrialta. Tá an baile, mórbhaile Coirdíneach atá ar theorainn na Tuirce, faoi léigear le roinnt seachtainí anuas agus ba bhuille ollmhór do na fórsaí frithSI dá n-éireodh leis an Stát Ioslámach an baile a ghabháil.  Dúirt rialtas na Tuirce ar maidin go ndéanfaidh siad gach ar féidir féacháil leis an SI a stopadh de bheith ag gabháil Kobane.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 02:30:47

Admin/login Comments RSS

ILBF