Kerry i gCív, saighdiúirí na Rúise ar an teorainn ar ais chun na beairice

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair arm na Rúise ar maidin go bhfuil na mílte saighdiúir dá gcuid a bhí ar oibríochtaí le taobh teorainn na hÚcráine le roinnt laethanta anuas, le filleadh ar a gcuid beairicí faoin Aoine. Bhí na saighdiúirí seo taobh istigh den Rúis ach chonachthas a n-oibríochtaí mar bhagairt don rialtas eatramach nua i gCív. Dar leis an rialtas sin gur griosú a bhí i gceist leis na hoibríochtaí seo agus gur maith mar a choinnigh a gcuid saighdiúirí smacht orthu féin. Deir siad go bhfuil 16,000 saighdiúir Rúise sa Chrimé anois. Tá John Kerry le dul i mbun plé le lucht rialtais i gCív inniu, a chéad chuairt ar an reigiún ó cuireadh an iarUachtarán Yanukovych as cumhacht roinnt seachtainí ó shin. Dar leis go bhfuil deireadh curtha le comhoibriú idir arm Mheiriceá agus arm na Rúise agus go bhfuil na Stáit Aontaithe ag meas bealaí eile chun a míshásamh a chur in iúl. Beidh an tAontas Eorpach ag bualadh le chéile Déardaoine féacháil le teacht ar pholasaí comhaontaithe faoina bhfuil ag titim amach san Úcráin. Tá caint faoi smachtbhannaí ach is léisc le roinnt tíortha, an Ghearmáin san áireamh, smachtbhannaí dian a chur i bhfeidhm ó tharla go bhfuil siad ag brath go mór ar an Rúis do ghnéithe éagsúla dá ngeilleaga.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 15:00:57

Admin/login Comments RSS

ILBF