Joan Burton – ‘Thar rud ar bith, in am d’Iosrael seasamh siar ó roinnt de na rudaí a rinne siad in Gaza’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus i ag caint roimh Scoil Samhraidh Mhic Ghoill i dTír Chonaill inniu dúirt an Tanáiste go mba cheart, thar aon rud eile, go seasfadh Iosrael siar ó roinnt de na rudaí atá siad ag déanamh in Gaza. Bhí sí ag caint i ndiaidh do scéal teacht ó Gaza gur maraíodh 34 ball de dhá chlann agus gur maraíodh ceathrar in ospidéal in ionsaithe Iosraelacha ar Straic Gaza. Níl Iosrael ag deabhrú gur ionsaigh siad an ospidéal ach táthar ag tuairisciú go raibh dochtúirí orthu sin a gortaíodh san ionsaí ar an Ospidéal Al Asqa. Lean Hamas ag ionsaí Iosrael inniu, iad ag scaoileadh na scórtha raicéid, roinnt acu dirithe ar Tel Aviv. Agus rinne siad roinnt iarrachtaí teacht isteach in Iosrael tríd tollainn. Deir Iosrael gur amhlaidh is tábhachtaí acu anois díriú ar an mhogallra de thollainn atá, dar leo, fud Gaza.

Dúirt an Tanáiste go bhfuil sé práinneach go ngníomhódh gach taobh le go mbeadh sos cogaidh inmhairstineach ann agus go dtabharfadh Hamas coimitmintí maidir le ráicéidí mar aon le gníomhartha ó Iosrael. ‘Ó tharla go bhfuil Gaza chomh plodaithe sin níl aon áit eile ag sibhialtaigh le héalú ann’ ar sise. ‘Silim gur gá d’Iosrael é sin a aithint agus seasamh siar ó rudaí a bhí ar bun acu. Agus is éigean fosta do Hamas stopadh de bheith ag scaoileadh raicéid ar Iosrael.’

Tráthnóna dúirt Ismail Haniyeh, duine de cheannairí Hamas, go bhfuil na Palaistínigh réidh chun a bhfuil a dhoirteadh ar son na saoirse agus gur amhlaidh is láidre iad i bhfianaise na sléachtanna a rinne Iosrael ar phobal Gaza.

Agus dúirt roinnt Airí de chuid Iosrael arís eile go mba cheart d’Iosrael Gaza ar fad a athghabháil nó ar a laghad an chuid tuaisceartach den straice. Dar leis an Phríomh Aire Benjamin Netanayhu go bhfuil Iosrael chun cur lena n-oibríocht mhíleata in Gaza seachas laghdú air.

Inniu dúirt Uachtarán Hollande na Fraince gur gá gach rud a dhéanamh árbh fhéidir, agus faoi phráinn, chun stop a chur le fulaingt mhuintir Gaza.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive