Jim Mc Cann, ceoltóir i ndiaidh a bháis

nuacht

Tá an ceoltóir aitheanta Jim Mc Cann i ndiaidh a bháis. Bhí sé in aois 70 bliain. Rugadh Jim Mc Cann in 1944 agus d’fhás sé aníos in Rath Garbh i mBaile Átha Cliath. Fuair sé oiliúint dochtúra ach bhí luí aige leis an cheol traidisiúnta agus lean sé an ród sin. Bhí sé sa Ludlow Trio ag deireadh na 1960í agus in 1966 bhí cnag Uimhir 1 acu in Éirinn le hamhrán Dominic Behan, ‘The Sea around Us.’ Ó 1974-79 bhíodh sé ag seinm leis na Duibhlinnigh agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin bhí aird air mar cheoltóir aonair. Bhí sé tinn ó thús na mílaoise agus le blianta beaga anuas ní raibh sé in ann canadh mar gheall ar a dhrochshláinte. Maireann a bhean Phyl.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive