Iosraelach marbh, Hamas, Iosrael, ag leanúint don fhorneart

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Hamas gur ó na meáin a chuala siadsan faoin sos cogaidh a bhí molta ar maidin inniu ag an Éigipt agus nach raibh an moladh sásúil. Tuigtear go ndéanfar plé, ar chúla téarma, sna huaireanta agus laethanta amach romhainn idir an Éigipt agus gach taobh féacháil le leagan éigin den sos cogaidh a moladh inniu a chur in oiriúint. Tá comhoirdniú Hamas níos deacra ná mar is nó nó níl ceannairí polaitiúla an eagrais sa Straice Gaza i láthair na huaire cionn is go bhfuil siad ar bharr liosta na dtargaidí atá ag Iosrael. Ach tá tuairisc ann fosta go raibh Hamas i mbun plé le Qatar agus leis an Tuirc faoi shos cogaidh agus gur sin an réiteach a ba mhaith leo seachas ról a thabhairt don Éigipt, áit  a bhfuil dúfhuath ag an rialtas míleata do Hamas. Ar maidin bhris Benjamin Netanyahu an leasAire Chosanta Iosraelach, Danny Danon, as a phost cionn is gur dúirt an tUasal Danon gur masla do gach Iosraelach é Netanyahu glacadh leis an sos cogaidh a bhí molta ag an Éigipt. Dar leis go bhfuil claonadh ‘eite chlé’ sa rialtas agus gan iad a bheith sásta gníomhú go cinniúnach. Ar ball dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Avigdor  Lieberman, go mba cheart d’Iosrael Gaza a athghabháil ina iomlán. Ach inniu féin scaoil Hamas is Islamic Jihad tuairim is fiche diúracán ar Iosrael agus tráthnóna maraíodh Iosraelach in ionsaí mortaeir ag Erze Crossing. Meastar gur rabbi a bhí ann a bhí ina oibrí dheonach ag cócaireacht is ag giollaíocht do shaighdiúirí. Gheall rialtas Iosrael go gcuirfí leis an oibríocht in Gaza agus rinneadh corradh is 30 ionsaí ón fharraige, ón aer agus ó thalamh ar thairgidí in Gaza.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 08:34:40

Admin/login Comments RSS

ILBF