Iosrael faoi bhrú i ndiaidh marú Aire de chuid na bPalaistíneach

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach, an Comhairle Arabach agus rialtais éagsúla i ndiaidh a éileamh fiosrúchán neamhspleách oscailte ar bhás Ziad Abu Ein, Aire de chuid an údarás Palaistínigh a maraíodh i scliúchas le saighdiúirí Iosrael ar maidin. Bhí an tAire mar aon le Palaistínigh eile agus breathnóirí idirnáisiúnta i láthair ag imeacht chun crainn ólóga a chur in aice leis an bhalla deighilte atá a tógáil ag Iosrael i rith an ama. Tháinig buíon de shaighdiúirí Iosrael gur scaoil siad deoirgháis agus dar le féinnithe súl gur bhuail saighdiúir an tAire sa bholg lena dhorn nó le raidhfil. Ní léir go fóill cad a thug an bás dó ach meastar gur shlog se go leor deoirgháis agus gur bhuail saighdiúir sa bholg é. Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag fiosrú na heachtra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 10:21:19

Admin/login Comments RSS

ILBF