Iosrael buartha faoi bhagairt dlí ar dhochtúirí a cothaíonn stailceoirí ocrais in aghaidh a dtola

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na húdaráis sláinte in Iosrael nach dtiocfadh leo a bheith cinnte de nach gcuirfí an dlí ar dochtúirí a bhíonn ag cothú stailceoirí ocrais in éadan a dtola am ar bith a théann na dochtúirí sin thar lear. Tá tuairim is 400 cime Palaistíneach ar stailc ocrais, 130 acu le breis is 40 lá.  Rinneadh imtheorannú ar a mbunús,  gan triail cúirte acu. Tá 5,000 cime Palaistíneach i bpríosúin Iosrael.

An tseachtain seo caite thosaigh parlimint Iosrael , an Knesset, ag déanamh soláthar chun go gcothódh dochtúirí s’acu na cimí in aghaidh a dtola de réir mar a thiocfadh meath ar a sláinte. Chuir Cumann Leighis Iosrael in iúl le déanaí go bhfuil siad i gcoinne dochtúirí a bheith ag cothú cimí in aghaidh a dtola. Inniu dhruid gnóithe is siopaí fud Iarúsléim Thoir agus Palaistínigh i mbun stailce chun tacú leis na stailceoirí ocrais. Agus tugadh le fios an tseachtain seo go bhfuil an eagras cearta daonna idirnáisiúnta, Human Rights Watch, ag caitheamh le marú bheirt stócach Palaistíneach le linn agóidí an mhí seo caite mar ‘coir cogaidh.’ Ina dtuarascáil , Killing of Children, Apparent War Crime, cuireann an t-eagras in iúl go bhfuil fianaise scannánaíochta is ó ghriangrafanna mar aon le fianaise ó fhinnéithe súl agus ó scrúduithe dochtúra a thugann le fios gur scaoileadh triúr stócach, (maraíodh Muhammad Abu Thahr, 16, agus Nadim Nuwara, 17 agus gortaíodh go dona Mohammed Azza) gur scaoileadh iad le piléir agus go bhfuil an cuma ar an scéal gur coir cogaidh a bhí ann. Scaoileadh iad píosa  ar shiúil ón áit a bhí círéib ag dul ar aghaidh agus ag am nuair a bhí trá san fhorneart. Deir arm Iosrael nár bhain siad úsáid as piléir fíor ach inniu thug údaráis Palaistíneacha le fios gur dhearbhaigh scrúdú iarbháis a rinneadh ar Nadim Nuwara gur piléir luaidhe a mharaigh é, ní piléir plaisteach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 02:05:15

Admin/login Comments RSS

ILBF