Iosrael ar buile faoi cháineadh an Aontais Eorpaigh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinne Iosrael roinnt ambasadóirí de chuid an Aontais Eorpaigh a thoghairm inniu le cur ar a súile dóibh go bhfuil Iosrael bréan dá ‘gclaonpháirteachas.’ Bhí siad ag caint i ndiaidh do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu tabhairt le fios nach bhfuil ‘an claonadh seo i gcoinne Iosrael ag cur le cúrsaí síochána.’ Rinne an Fhrainc, an Bhreatain, an Iodáil agus an Spáinn Ambasadóir Iosrael ina dtíortha siúd a thoghairm inné lena míshásamh a chur in iúl faoi fhógairt Iosrael an tseachtain seo caite go bhfuil siad chun beagnach 1,500 teach nua a thógáil d’áitritheoirí Iosraelacha sna Tíortha Gafa. Arsa Benjamin Nentanyahu, ‘Rinne an AE ár n-ambasadóirí a thoghairm mar gheall ar chúpla teach. Cén nuair a thug an AE na hAmbasadóirí Palaistíneacha a thoghairm faoin dóigh a bhfuiltear ag gríosú ar son díothú Iosrael.’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:20:50

Admin/login Comments RSS

ILBF