Iosrael ag maíomh as 400 tonna de bhuama a theilg ar Gaza in imeacht 36 uair a chloig

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir aerfhórsa Iosrael gur theilg siad tuairim is 400 tonna de bhuama ar Gaza le 36 uair a chloig anuas agus bhagair go gcuirfí leis an fhorneart. Bhí bean 80 bliain d’aois mar aon le hathair agus mac leis orthu sin a maraíodh inniu. Dúirt oifigigh le haerfhórsa Iosrael leis na meáin sa tír gur leag siad teach gach ceannaire cathlainne de chuid Hamas. Maraíodh corradh is50 Palaistíneach sa chogaíocht is déanaí agus gortaíodh na céadta, shibhialtaigh a mbunús. Ba sibhialtaigh iad bunús acu sin ar mharaigh Iosrael, deichniúr páiste san áireamh.  Maraíodh seachtar as aon chlann amhain in aer-ionsaí ar theach oíche Luain. Níor maraíodh aon Iosraelach agus gortaíodh roinnt scórtha, mionghortú ar fad. Ach scaoileadh tuairm is 400 raicead ar Iosrael ó thosaig an babhta reatha cogaíochta. Tráthnóna inniu bhí dreim le Mahmoud Abbas. Uachtarán ar an Údarás Palaistíneach, doiciméid a shíniú chun go dtiocfadh leis an Údarás a bheith ina bhall den Chúirt Coiriúil Domhanda. Tá Iosrael thar a bheith buartha faoi bhagairt Abbas chun a macasamhail a dhéanamh nó bheadh scrúdú de shórt nár tharla riamh ar fhorghabháil críocha Arabacha agus an dóigh a bhfuil Iosrael ag caitheamh le Palaistínigh in Iosrael agus sna Tíortha Gafa.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:18:33

Admin/login Comments RSS

ILBF