Iosrael ag ionradh Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Benjamin Netanyahu go bhfuil sé i ndiaidh ordú a thabhairt d’arm ionradh a dhéanamh in Gaza. Ní léir cad é scála an ionartha seo ach meastar go bhfuil an t-ionradh le teacht ón fharraige go luath. Dúirt arm Iosrael ar ball anocht go bhfuil siad ag ionsaí ó thuaidh, ó dheas agus tríd an lár agus iad ag dul isteach in Gaza. Tá 8,000 saighdiuir Iosraelach in Gaza anois meastar. Bhagair arm Iosrael ar iriseoirí agus ar dhaoine eile imeacht ón trá sa Straice. Cuireadh as aibhléis ar an Straice go díreach roimh an ionradh. Deir rialtas Iosrael go bhfuil siad ag iarraidh buille millteanach a thabhairt do Hamas.  Tá corradh is milliún go leith duine ina gcónaí in Gaza atá fad 40 ciliméadar agus 15 ciliméadar leathan agus atá ar na ceantracha is plódaithe ar domhan. Níos luaithe inniu mharaigh aer-ionsaí Iosraelach triúr páiste, Fulla Tariq Shuhaiber, Jihad Issam Shuhaiber zagus Waseem Issam Shuhaibe a bhí ag cothu éanacha ar dhíon a dtí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 07:57:53

Admin/login Comments RSS

ILBF