Iosrael ag iarraidh 24,000 teach d’áitritheoirí a thógáil sna Tíortha Gafa

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Príomh Aire Iosrael i ndiaidh a chur ar fionraí plean a tugadh chuig an ChomhAireacht an tseachtain seo chun 24,000 teach nua d’áitritheoirí a thógáil ar an Bhruach Thiar agus thart ar Iarúsléim. Dar leis gur thug a Aire Tithíochta an moladh i láthair na Comhaireachta gan é a chur faoi scrúdú agus go mbeadh sé ina míbhuntáiste mhór ag Iosrael an scéim seo a bhrú ag am nuair atá siad ag iarraidh an pobal idirnáisiúnta a mhealladh le tacú leo maidir leis an Iaráin. Ach meastar go ndearna sé an cinneadh i ndiaidh do Mheiriceá cur in iúl nach nglacfadh siad leis an phlean. Deir foinsí Palaistíneacha go raibh Mahmoud Abbas faoi bhrú mór chun éirí as cainteanna síochána dá leanfadh Iosrael leis an phlean chun 24,000 teach nua a thógáil sna Tíortha Gafa agus gur sin an chúis gur shocraigh Meiriceá cur ina luí ar Iosrael gan leanúint leis an phlean. Ach meastar go gcuirfear an plean chun tosaigh arís amach anseo ach i sraith de thionscnamh seachas in aon mhórscéim amháin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 08:01:52

Admin/login Comments RSS

ILBF