Iosrael ag diúltú cimí a shaoradh, tionscnamh síochána eile ag dul go tóin poill

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tÚdarás Palaistíneach go bhfuil siad i ndiaidh tosú as an úr ar lorg ballraíochta i 15 áisínteacht de chuid na Náisiúin Aontaithe. Chuir Mahmoud Abbas an próiséas lorg ballraíochta ar athló anuraidh mar chuid den chomhaontú le Meiriceá agus le hIosrael chun go mbeadh cainteanna síochána idir an dá thaobh. Tá an naoi mí a aontaíodh do na cainteanna ag druidim chun deiridh ach Dé hAoine seo caite dhiúltaigh Iosrael dul ar aghaidh le coimitmint a thug siad go saoródh siad 26 cime a cuireadh faoi ghlas breis agus 20 bliain ó shin. Dar le hAire rialtais de chuid Iosrael, Uzi Landau, go n-íocfaidh an tÚdarás Palaistíneach go daor as ballraíocht a lorg in áisínteachtaí de chuid na Náisiúin Aontaithe. Dar leis go measfaidh rialtas Iosrael cosc a chur ar chúnamh eacnamúil idirnáisiúnta don Údarás Palaistíneach agus go smaoinfeadh Iosrael ar chodanna den Bhruach Thiar a chur faoi smacht Iosrael, le cois ar na ceantracha a bhfuil áitrimh Iosraelacha ann cheana féin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:40:45

Admin/login Comments RSS

ILBF