Iosrael ag beartú dioltas breise a bhaint as na Palaistínigh i ndiaidh chomhaontú idir Fatah, Hamas

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Comhaireacht slándála Iosrael ag meas bealaí chun pionós breise a ghearradh ar na Palaistínigh I ndiaidh do Hamas is Fatah aontú ar sraith céimeanna a chun comhrialtas a bhunú. Níos luaithe an mhí seo ghearr Iosrael smachtbhannaí ar Údarás na bPalaistineach cionn is gur chláraigh siad do bhallraíocht le roinnt coistí is áisínteachtaí de chuid na Náisiúin Aontaith.Deir Benjamin Netenyahu sgus roinnt airí de chuid rialtas Iosrael go mbeidh daor ar an Údarás Palaistineach as ‘Hamas a roghnú seachas síocháin.’Ach mhaígh Mahmoud Abbas nach bhfuil Iosrael ag iarraidh síochána agus gur gnó inmhéanach do na Palaistínigh socrú ar an leagan amach is foirsteanaí dá bpolaiteoirí. Deir foinsí leis an Údarás Palaistíneach gur bhaol go n-imeoidh an tÚdarás as gnó mura dtugann Iosrael dáiíranamh na síochána agus má imíonn an tÚdaráe faoi déés go bhfágfar ualach airgid, slándála agus eile na bPalaisíneach faoi Iosrael.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-20 22:09:28

Admin/login Comments RSS

ILBF