Iosrael ag bagairt díoltais, Hamas ag bagairt díoltais

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ComhAireacht Iosrael chun bualadh le chéile ar ball inniu i ndiaidh tórraimh triúr déagóir Iosraelach chun dlaoí mullaigh a chur ar a bplean chun díoltais a bhaint as Hamas dar leo. Bhagair Hamas díoltais ar leith dá ndéanfadh Iosrael ionsaí orthu nó ar an Straic Gaza.

Aréir d’ionsaigh eitleáin cogaidh Iosrael 34 targaid i Straice Gaza agus mharaigh a saighdiúirí déagóir Palaistíneach le linn dóibh a bheith i mbun cuardaigh i gcampa teifeach Jenin. Aréir fuarthas corp triúr ógánach Iosraelach a d’imigh as radharc dhá sheachtain go leith. In ainneoin ollchuardaigh thóg sé tamall fada ar arm Iosrael teacht ar na coirp a bhí faoi charn cloch thart faoi 10 mbomaite ar shiúil ón áit ar imigh siad as radharc. Bhí an triúr ina gcónaí in áitrimh agus ag freastal ar scoil creidimh nuair a chuaigh siad ag síob siúil. Chuir rialtas Iosrael an locht ar Hamas ach shéan Hamas aon bhaint a bheith acu leis na maruithe. Mharaigh arm Iosrael cúigear Palaistíneach, déagóirí agus seanbhean, agus ghabh corradh is 400 Palaistíneach aguis iad i mbun cuardaigh le coicís anuas.

Aréir ionsaíodh Palaistínigh ag áitritheoirí i roinnt ceantracha in Hebron agus scaoileadh roinnt mortaeir isteach in Iosrael ó Gaza. Níl aon dabht ach go mbeidh géarú ar an fhorneart sna huaireanta agus laethanta beaga amach romhainn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:55:38

Admin/login Comments RSS

ILBF