Iosrael ag bagairt ar dhaoine i ndá cheantar eile in Gaza imeacht óna dtithe

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le tuairiscithe anocht go bhfuil arm Iosrael ag bagairt ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i ndá mhórcheantar in Gaza, Shojaeya agus  Zeitoun imeacht óna dtithe cionn is gur rún d’Iosrael díriú isteach ar thargaidí sna ceantracha sin. Tá corradh is 100,000 duine ina gcónaí sna ceantracha seo,

Dúirt Uachtarán Iosrael, Shimon Peres, in agallamh anocht le AP go n-aithníonn sé go bhfuil dúshlán morálta ag baint le marú sibhialtaigh in Gaza ach ar seisean, ‘”a moral problem, but I don’t have a moral answer to it”

“If they are shooting at us, and don’t let our mothers and their children … have a full night’s sleep, what can we do?”

Bhí tuairim is 500 duine páirteach inniu in léirsiú ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste lena gcomhbhá a léiriú do phobal Gaza. Táthar ag iarraidh tionól a bheith ann sa chathair Dé Sathairn chun coinneáil leis an bhrú. Bhí roinnt céadta duine páirteach i léirsiú ar an Iúr.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-21 18:40:42

Admin/login Comments RSS

ILBF