Ioságanach a sheas le Criostaithe Homs na Siria scaoilte marbh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mharaigh gunnadóirí gan aithint Frans van der Lugt, sagart de chuid na nIosagánch in Homs na Siria nné. Ba as an Ísiltír don Athair Frans van der Lugt agus bhí cónaí air san Siria ó 1966. Bhí aithne ar an seansagart, a bhí n sna seachtóidí, mar gur dhiúltaigh sé imeacht ón chathair roinnt uaireanta cionn is gur shíl sé é a bheith de ghualgas air fanacht sa chathair dá dtiocfadh leis cuidiú a thabhairt . Bhí cónaí air sa chuid sin de Homs atá faoi smacht lucht éirí amach. Dar leis an Vatacáingur fear misniúil an tAthair Frans van der Lugt a d’fhan dílí dá phobal, in ainneoin an phraghas a bhí le híoc as déanamh amhlaidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:26:55

Admin/login Comments RSS

ILBF