Ionsaí ar bheirt bhan iriseoir ón Iarthar san Afganastáin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh banghriangrafadóir agus gortaíodh go dona iriseoir eile a bhí léi nuair a rinne péas de chuid na hAfganastáine ionsaí orthu faoi chóngar do theorainn na Pacastáine inniu. Bhí an bheirt bhan ag obair don Associated Press, áisinteacht de na háisínteachtaí nuachta is mó ar domhan, agus bhí garda de chuid péas is saighdiúirí na hAfganastáine in ainm is a bheith á gcosaint nuair a tharla an t-ionsaí. Ní léir cad a ba chúis leis an ionsaí, an misásamh de shórt éigin a bhí ar an phéas nó ar ball den Talaban é. Ba iad an bheirt a scaoileadh ná Anja Niedringhaus (48), Gearmánach a maraíodh san eachtra agus an tuairsiceoir Kathy Gannon Ceanadach (62). Bhí an bheirt acu i ndiaidh na mblianta fada a chaitheamh san Afganastáin agus tíortha maguaird ag tuairisciú. Tá toghchán faoi lán seoil san Afganastáin inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:36:12

Admin/login Comments RSS

ILBF