Idir milliún is trí mhilliún páirteach i léirsithe na Fraince – 5,000 i mBaile Átha Cliath

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Measann cuid de mheáin na Fraince go raibh suas le trí mhilliún páirteach i léirsiú an lae inniu fud na tíre. Bhí os cionn milliún go leith duine páirteach i léirsiú i bPáras. Ollscaifte a bhí ann a léirigh a corraithe is atá pobal na Fraince faoin sléacht a rinneadh ar shráideanna Pháras an tseachtain seo. Bhí ceannairí polaitiúla ó chuid mhór tíortha Eorpacha páirteach ann, orthu sin Francois Holland, Angela Merkel, Mariano Rajoy, an Taoiseach, David Cameron, Petro Poroshenko na hÚcráine, Benjamin Netanyahu is Mahmoud Abbas, Rí Abdullah na hIordáine. Bhí tuairim is 5,000 duine páirteach i léirsiú comhbhá le muintir Pháras i mBaile Átha Cliath. Chuaigh lucht léirsithe ón Spíce i Sráid Uí Chonaill a fhad leis an Alliance Francaise i Sráid Chill Dara. Bhí tuairim is 400 duine páirteach i léirsiú i nGaillimh agus thart faoi 200 duine i nGaillimh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:26:42

Admin/login Comments RSS

ILBF