Hamas freagrach as ionsaí in Iarúsailéim

ealaíona, idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an grúpa Hamas gurb iad a bhí freagrach as ionsaí in Iarúsailéim ar maidin. Maraíodh duine amháin, péas creidtear, agus gortaíodh 14 duine eile nuair a thiomáin Palaistíneach ó Oirthear na cathrach isteach i scaifte ag trí áit éagsúl i lár na cathrach. Scaoileadh marbh é nuair a tháinig péas ar an láthair. Cuirfidh an eachtra go mór le teannas atá ag dul i dtreis sa chathair sin le roinnt míonna anuas. Ar maidin bhí círéibí ag an Mhosc Al Aqsa nuair a rinne péas iarracht Arabaigh a choinneáil faoi smacht ann. Gortaíodh Palaistíneach amháin go dona. Ar maidin inniu fosta chuir Amnesty International in iúl go raibh Iosrael freagrach as coireanna cogaidh le linn a n-ionsaí ar Gaza i mí Iúil na bliana seo. Scrúdaigh an eagras ocht sampla de ionsaithe Iosraelacha gan rabhadh ar tithe a bhí lán sibhialtaigh, ionsaithe a d’fhág 140 sibhialtach marbh, 62 páiste ina measc.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:20:34

Admin/login Comments RSS

ILBF