Guíonn an Pápa ag ‘balla na deighilte’ – tugann cuireadh chun na Róimhe do cheannairí

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí lúcháir ar Phalaistínigh nuair a stop an Pápa Francis ag an bhalla deighilte atá Iosrael ag tógáil thart timpeall ar an Bhruach Thiar agus chaith roinnt bomaití ag guí. Maíonn na Palaistínigh gur cuid de ‘goid talaimh’ atá i gceist leis an bhalla seo, maíonn Iosrael gur balla é chun iad a chosaint i gcoinne buamadóirí is gunnadóirí. Le linn dó a bheith ar an dara lá dá chuairt ar an reigiún thug an Pápa cuireadh do Uachtarán Abbas na bPalaistíneach agus Uachtarán Peres na nIosraelach teacht ar chuairt chuige sa Róimh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:13:40

Admin/login Comments RSS

ILBF