Gríosóir den eite dheis in Iosrael scaoilte in eachtra in Iarúsailéim

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mharaigh péas Iosrael fear ar maidin agus iad ag maíomh gurb é a bhí freagrach as an ionsaí a rinneadh aréir ar ghríosóir de chuid na heite deise Iosraelaigh in Iarúsailéim. Dar le péas Iosrael gur scaoil Muataz Hijazi, iarchime de chuid an Jihad Ioslamach orthu nuair a rinne siad iarracht é a ghabháil ag a theach in Oirthear Iarúsailéim ach tá tuairiscithe ann gur scaoileadh é seachas é a ghabháil. Bhí Hijazi ag obair i mbialann taobh istigh den Lárionad Begin, agus scaoileadh Yehuda Glick taobh amuigh den ionad. Aréir scaoil gunnadóir ar ghluaisrothar duine de ghríosóirí aitheanta Giúdacha in Iarúsailéim anocht.  Gortaíodh Yehuda Glick go dona san ionsaí ach tá bail seasmhach anois air. Is i Nua Eabhrac a rugadh Yehuda Glick   agus bhí iomrá air le fada anois mar dhuine a bhí ina ghríosóir ar son na heite deise Giúdach in Iarúsailéim, go háirithe ar son athrú ar an status quo atá ar an Temple Mount le go mbeadh Giudaigh in ann níos mó ama a chaitheamh ann agus smacht níos mó a bheith acu ar an cheantar agus ar na háiteanna naofa ann. Bhí ardteannas in Iarúsailéim le tamall anuas go mór mór agus Giudaigh ag bogadh isteach i gceantracha Arabacha in Oirthear na cathrach. Ghabh Iosrael an chathair in 1967 agus dar leo go bhfuil siad chun an chathair ar fad a choinneáil in Iosrael. Dar leis na Palaistínigh go mbeidh an chathair ina príomhchathair ar stát Palaistíneach. Bhí círéibí ar bhonn seachtainiúil in Iarúsailéim le roinnt míonna anuas agus buairt ann go mbeidh an ‘tríú Intifada’ ann, ag tosú sa chathair sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:23:16

Admin/login Comments RSS

ILBF