Gréasán ghnó do Ghaeil Bhéal Feirste – bígí linn!

nuacht, Nuacht24

Gréasán ghnó do Ghaeil Bhéal Feirste

 

Seolfar gréasán nua de ghnóanna is eagrais a oibríonn trí mheán na Gaeilge – nó ar suim leo an teanga – ag ocáid bricfeasta sa Chultúrlann i mBéal Feirste ag deireadh na míosa.

Comhfhiontar é An Gréasán Gnó idir CeangalG, an togra atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, Glór na nGael agus an Chultúrlann, agus tá sé mar sprioc ag an ngréasán deis a thabhairt d’fhiontair agus d’fhiontraithe casadh le chéile agus spreagadh a thabhairt dóibh leanúint ag tacú leis an nGaeilge.

Ocáid bricfeasta ag tosnú ag 8rn ar an Aoine 26 Meán Fómhair atá beartaithe don chéad ocáíd a bheidh ar bun i Bia, bialann iomráiteach na Cultúrlainne.   Beidh sé criochnaithe in am mhaith roimh 9rn chun ligint do lucht freastail filleadh ar a gcuid oibre tar éis bricfeasta slaintiúil agus spreagtha chun oibre.

Tá an ocáid seo bunaithe ar shraith ocáidí atá á eagrú ag Glór na nGael i mBaile Átha Cliath le tamall anois.  Bionn aoi chainteoirí iomráiteacha ag na h-ocáidí seo.   Is é an chéad aoi chainteoir ag an Gréasán Gnó i mBéal Feirste ná Breandán Ó hEaghra, bunaitheoir na comhlachta nua caidrimh poiblí Gaeltachta, Meas Media, fiontraí óg cumasach ó Chonamara atá ag eagrú oll-ocáid san RDS i mBaile Atha Cliath i mí Feabhra chun buanna Iarthar na hÉireann a cheiliúradh, WestExpo.

Chomh maith le na h-ocáidí bricfeasta tá súil le h-imeachtaí gailf a eagrú le deiseanna a mhéadú do bhaill bheith i gcomhluadar a chéile agus, cá bhfios, ag spreagadh deiseanna fiontraíochta as an úr.

“D’fhéadfá ‘chamber of commerce’ do lucht na Gaeilge a thabhairt air cé go gcreidimíd gur múnla nua atá á chruthú againn,” arsa Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Margaíochta le CeangalG.

“Tá súil againn an togra a leathnú go h-Alba amach anseo mar gurb é an sprioc atá ag CeangalG nascanna idir Ghaeltacht na hÉireann agus Gaeidhealtachd na hAlba – an Ghaeltacht Mhór – a neartú.”

Agus é ag cur fáílte roimh sheoladh an Ghréasáin Ghnó, dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, gur thug na h-ocáidí seo deis íontach don chomhluadar ghnó teacht le chéile ar bhealach fiúntach agus fónta.

“Beidh an Ghréasán Ghnó ina chuid de ghréasán uile Éireann mar atá bricfeastaí ghnó á reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus ionaid eile,” arsa Lorcán, ag meabhrú dúinn go raibh tacaíocht á fháil ag an bhfiontar ó Fhoras na Gaeilge.

Is féidir breis eolais a fháil agus d’áit ag an gcéad ocáíd a dhearbhú tre riomhphost a sheoladh chuig concubhar@ceangalg.net.    Beidh ocáídí eile ann amach anseo agus dob fhiú fiosrú a dhéanamh le go gcuirfí d’ainm ar liosta sheoltai rphoist le h-aghaidh nuacht a fháíl faoin ngréasán agus faoi obair CeangalG.

Togra é CeangalG atá maoinithe ag Aontas na hEorpa. Sabhal Mòr Ostaigh, an choláiste Ghaidhlig de chuid Ollscoil na nGarbhchríocha is na nOileán, isea an phríomhpháirtí cheannasach agus tá Údarás na Gaeltachta agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich araon ina phríomh phairtithe freiisn.  Anuraidh fuair CeangalG maoiniú de bheagnach £1m ó INTERREG agus feidhmíonn an togra faoi choimirce Foras na gCláracaha Speisialta Eorpacha (Special European Programmes Body/SEUPB).

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:45:00

Admin/login Comments RSS

ILBF