Ginearál i measc ceathrar déag marbh in ionsaí ar heileacaptar san Úcráin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh ceathrar saighdiúir déag de chuid na hÚcráine inniu nuair a scaoileadh raicéid ar a heileacaptar i dtrodaíocht faoi chóngar do Sloviansk, bunáit de chuid na dtrodairí atá ag cur i gcoinne fanacht san Úcráin. Bhí ceannaire ar Gharda Náisiúnta na hÚcráine, an Ginearal  Serhiy Kulchytskiy, ar dhuine acu sin a maraíodh. Dar le féinnithe súl go dtiocfadh le líon na marbh a bheith i bhfad níos airde nó bhí an heileacaptar i ndiaidh tuirling i mbeairic tamall beag roimhe agus thuirling léar mór saighdiúirí ansin. Feictear an t-ionsaí mar fhreagra ar oibríocht mhíleata de chuid arm na hÚcráine ag deireadh seachtaine seo caite nuair a mharaigh siad suas go 100 trodaire a bhí ag iarraidh smacht a chur ar aerfort Donetsk. Cuirfidh an forneart seo go mór leis an teannas agus leis an trodaíocht in oirthear na hÚcráine, áit ar maraíodh na céadta i bhforneart idir scarúnaithe agus saighdiúirí is péas na hÚcráine le roinnt míonna anuas. Cuirfidh an eachtra fosta leis an teannas idir an Rúis agus an Úcráin agus an dá thír i ndeabhaidh láinne i rith an ama faoi chúrsaí na hÚcráine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-21 01:41:15

Admin/login Comments RSS

ILBF