Giall Sasanach eile de chuid SI faoi bhagairt an bháis

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhagair an grúpa Stát Ioslamach ar ghiall Briotanach eile, Alan Henning, agus iad ag marú  David Haines, Albanach a bhí ina ghiall acu le bliain go leith nó mar sin. Deir David Cameron go bhfuil a rialtas agus ag comhghuaillithe ag déanamh a seacht ndícheall ar son na ngialla ach dar leis nach ngéillfidh siad do bhagairtí an Stáit Ioslamaigh. Inniu tá John Kerry ag brú ar aghaidh lena hiarrachtaí chun comhghuaillaíocht frithSI a chur i dtoll a chéile. Beidh ionadaithe ó bhreis agus scór tír ag bualadh le chéile i bPáras agus iad ag iarraidh teacht ar straitéis chun SI a smachtú. Tá roinnt tíortha Arabacha san áireamh ach ní léir cén seasamh a bheidh ag an Iarthar maidir leis an Siria agus an Iaráin. Níor tugadh cuireadh do cheachtar acu sin a bheith páirteach i gcomhdháil Pharás ainneoin go bhfuil siadsan araon ag troid SI ar bhonn laethúil.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:53:53

Admin/login Comments RSS

ILBF