Garda Náisiúnta le cur ar dhualgas in Ferguson Mheiriceá

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh Gobharnóir Missouri , Jay Nixon, ar maidin go bhfuil sé i ndiaidh forim údaráis a shíniú ag ligean don Gharda Náisiúnta dul ar dhualgas in Ferguson ón lá inniu ar aghaidh. Tharla trioblóid sa bhaile arís eile aréir. Bhí idir thrioblóid agus léirsithe mar aon le cuirfiú ann ó mharaigh oifigeach péas, Darren Wilson, mharaigh sé  Michael Brown,  in eachtra conspóideach. Fear bán an t-oifigeach Wilson, fear dubh a bhí in Michael Brown. Thug iarScrúduitheoir Leighis ar Nua Eabhrac, Dr Michael M Baden, thug sé le fios aréir gur scaoileadh Michael Brown sé uaire, ceithre uair sa sciathán dheis agus dá uair sa chloigeann. Dar lena scrúdú iarbháis nach bhfuil pudar ghunna ar a chorp, rud a thabharfadh le fios go raibh an péas a mharaigh é achar shiúil nuair a tharla an t-eachtra. Ní léir an raibh pudar ghunna ar a chuid éadaí. Rinne an Dr Michael M Baden an scrúdú seo ar iarratas ó chlann Michael Brown. Tá scrúdú iarbháis le déanamh ag an Roinn Dlí agus rinne na húdaráis in Missouri scrúdú iarbháis eile. Chuir scair de phobal dubh Ferguson in iúl go láidir go bhfuil an phéas á gciapadh agus á n-ionsaí ó tharla an scaoileadh agus maíonn siad go bhfuil amhras ann faoi leagan na bpéas de cad a tharla nuair a scaoileadh Michael Brown. Séanann na húdaráis do na líomhaintí agus deir go mbeidh fiosrúchán ceart ann ar iomlán ar tharla nuair a scaoileadh Michael Brown.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:57:24

Admin/login Comments RSS

ILBF