Gabhann lucht tacaíochta na Rúise stáisiún teilifíse in Donetsk, breathnóir idirnáisiúnta ligthe saor

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ghabh scaifte de lucht tacaíochta na Rúise stáisiún teilifíse in Donetsk in Oirthear na Úcráine inniu, rud a chuirdidh leis an teannas atá ag treisiú sa reigiún I rith an ama.Bhí agóid ag 400 duine nó mar sin taobh amuigh den stáisiún sular ghabh said é. Tá said ag éileamh go gcraolfaí bealach teilifíse de chuid na Rúise. Tráthnóna inniuligeadh saor duine amháin den ochtar breathnóir de chuid an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip atá á gcoinneál faoi ghlas ag lucht tacaíochta na Rúise in Sloviansk. Sualannach an fear a ligeadh saor agus tuigtear go bhfuil tinneas air. Tá na fuadaitheoirí faoi bhrú mór ón pobal idirnáisiúnta chun na breathnóirí a ligean saor.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:57:46

Admin/login Comments RSS

ILBF